“Enhancing reputations – Increasing exposure”
Thursday May 23rd 2013

Categories

Archives

Comhairliúcháin Phoiblí ar Stráitéis Breacaosta Chontae an Chláir

Share

Fógraíodh sonraí de stráitéis nua atá dírithe ar chóir a chur ar riachtanais an daonra aosaithe Chontae an Chláir.

Taispeánann figiúirí an daonáirimh is déanaí go bhfuil níos mó ná 11.5% nó 13,315 de dhaonra an Chláir a sheasann ag 117,196 duine, 65 bliain nó níos sine. Is méadú de 0.5% é d’fhigiúirí an daonáirimh 2006.

I ndiaidh seoladh Clár Breacaosta Chontae an Chláir i mí Mheán Fómhair anuraidh, tá Stráitéis Contae Breacaosta á fhorbairt ag Bord Forbartha Contae Chláir.

Beidh sraith de chomhairliúcháin phoiblí  tríd an chontae ag tosú in Inis an Déardaoin seo chugainn. Iarrfar ar mhuintir an phobail, ar dhaoine aosta go háirithe a moltaí a chur faoi bhráid ar an gcaoi ar féidir le Contae an Chláir a bheith níos oiriúnaí mar áit chónaithe, mar áit oibre agus mar áit chun dul ar thuras ann do dhaoine aosta.

Beidh na seisiúin chomhairliúcháin ar siúl sna h-ionaid seo a leanas:

  • Óstán an Templegate in Inis (11:00 r.n. – 1:00 i.n., Déardaoin, 3 Bealtaine)
  • Club Gailf Chill Rois Rois (2:00 r.n. – 4:00 i.n., Déardaoin, 10 Bealtaine)
  • Óstán na nEasanna in Inis Díomáin (3:00 r.n. – 5:00 i.n., Dé Máirt, 15 Bealtaine)
  • Óstán an Oakwood Arms i mBaile na Sionna (11:00 r.n. – 1:00 i.n., Déardaoin, 17 Bealtaine 2012)
  • Óstán Lakeside in i gCill dá Lua/mBaile an Átha (2:00 r.n. – 4:00 i.n., Déardaoin, 24 Bealtaine)

Tacaíonn an Gréasán don Aosú Folláin leis an tionscnamh seo agus tugann iar-Easpag Chill dá Lua, Dr. Willie Walsh tacaíocht dó chomh maith.

Anuraidh, thar ceann Chomhairle Contae an Chláir, shínigh Méara an Chláir, An Comh.

Pádraig Ó hAodha, chomh maith le méaraí ó Nua-Eabhrac, Barcelona, Meicsiceo, Baile Átha Cliath agus Dún Éideann Dearbhú Bhaile Átha Cliath ag tiomnú go mbeadh Contae an Chláir níos oiriúnaí mar áit chónaithe, mar áit oibre agus mar áit chun dul ar thuras ann do dhaoine aosta.

Admhaíonn Méara Uí hAodha gurb é aidhm an phleain feabhais luachacha i mianach saoil, seirbhísí agus timpeallachta do daoine aosta i gContae an Chláir a bhaint amach.

Chuir sé leis nach ndéanfaí fáillí ar aon réimse den phobal áitiúil i soláthar seirbhísí timpeall an chontae amach anseo.

Mhínigh sé: “Beidh feasacht níos fearr ar riachtanais na ndaoine aosta inár bpobail mar thoradh an phlean seo. Mar shampla, cónaíonn beagnach 30% de 4,000 duine atá 65 d’aois nó níos sine sa chontae seo ina n-aonar i dteaghlach príobháideach. Caithfidh go ndéantar measúnú ar rochtain na ndaoine do sheirbhísí bunúsacha. Táimid réidh le héisteacht lena gcuid smaointe ar shaincheisteanna eile a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach orthu. Is é an comhairliúchán seo an chéad chéim atá ag Plean Breacaosta Chontae an Chláir agus spreagaim gach duine páirt a ghlacadh sa phróiséas seo”.

Dar le Bainisteoir Contae an Chláir agus Cathaoirleach do Chlár Breacaosta Chontae an Chláir: “Tá sé tábhachtach go n-éireoidh linn leis an bplean agus go spreagfaimid daoine aosta chun páirt ghníomhach a bheith acu sa phróiséas. Táim sásta go dtacaíonn an tEaspag Willie Walsh leis an gclár, atá fós mar phearsa inspioráideach i gContae an Chláir.”

Dúirt Patricia Goan ó Ghréasán “Ageing Well”: “Is é atá i gceist le contae a thacaíonn le daoine breacaosta ná áit ar féidir le níos mó daoine aosta cónaí inti ina dtithe agus ina bpobail féin agus saoil sláinte agus ghníomhacha acu. Ba chóir go mbeadh siad in ann dul aon áit is mian leo, am ar bith. Caithfidh go bhfuil meas ag daoine orthu mar rannpháirtithe a bpobal agus go gcónaíonn siad i dtimpeallachtaí sóisialta agus fisiciúla atá sábháilte agus iad amuigh san aer.”

Dúirt Ms. Goan chomh maith: “Eagrófar cúig sheisiún de chomhairliúchán poiblí mar chuid de phróiséas ullmhúcháin an phlean ionas go gcuirfear tuairimí agus tosaíochtaí na seandaoine in iúl do Phlean do Chontae an Chláir.”

Is féidir le daoine nach bhguil in ann freastal ar sheisiún comhairliúcháin poiblí aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh i scríbhinn maidir le forbairt an Phlean Breacaosta do Chontae an Chláir. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig Rannóg Forbartha Pobail, Comhairle Contae an Chláir, Áras Contae an Chláir, Bóthar Nua, Inis, Co. An Chláir nó via rphost chuig agefriendly@clarecoco.ie. Tá treoirlínte d’aighneachtaí a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae an Chláir., www.clarecoco.ie. Lean muid ar Facebook.

Is é an Déardaoin an 31 Meitheamh 2012 an spriocdháta le haighneachtaí a sheoladh chugainn.

Dunphy Public Relations

Connolly, Ennis, Clare, IRELAND

www.dunphypr.com

Twitter (@dunphypr)

00353-868534900