Tionólfar ceolchoirm thraidisiúnta ar leith san oíche laistigh de bhallaí Chathair Chonaill i gcroílár na Boirne, Co. an Chláir, an 16 Meitheamh ar 9:30i.n.
Arna eagrú ag Geopháirc na Boirne agus Aillte an Mhothair mar chuid den réimse imeachtaí “The Burren Rocks” an mhí seo, beidh roinnt ealaíontóirí traidisiúnta an Chontae a bhfuil clú agus cáil orthu, agus iad ag taibhiú ceoil, amhráin agus damhsa traidisiúnta sa suíomh ársa de Chathair Chonaill.
Ag dul siar go tús an 5ú hAois, is ceann de na cathracha is fearr caomhnaithe in Iarthar na hÉireann í Cathair Chonaill, atá suite ciliméadar ó dheas de dholmain Pholl na Brón.
San áireamh sna healaíontóirí atá réidh le haghaidh taibhiú ar an oíche tá an seinnteoir consairtín Chris Droney, duine a bhfuil a chuid ceoil ag macallú ó thírdhreach na Boirne le níos mó ná 80 bliain; damhsóir cruthaitheach sean-nós Emma O’Sullivan, agus píobairí Michael O’Connell, Micky Dunne agus Pat Broderick atá ionadaíoch de na gnéithe saibhre píobaireachta atá i gceol traidisiúnta.
Dar le Carol Gleeson, Bainisteoir Tionscadail ag Geopháirc na Boirne agus Aillte an Mhothair: “Tá an cheolchoirm atá ag teacht aníos mar cheann de na himeachtaí den fhéile ‘The Burren Rocks’; is féile ar feadh mhí í seo a cheiliúrann geolaíocht agus tírdhreach na Boirne. Tabharfaidh an cheolchoirm seo ardán don cheangal idir an tírdhreach agus muintir an réigiúin. Tá an-chosúlacht ar an eispéireas ar leith agus speisialta seo do gach duine a fhreastlaíonn.”
Dúirt an ceoltóir áitiúil, an craoltóir agus fear a’tí na hoíche, Pat Costello go “gcuirfidh Cathair Chonaill suíomh atmaisféarach agus oiriúnach don cheiliúradh cheoil, damhsa agus amhránaíocht traidisiúnta atá ag teacht aníos. Tá ceol traidisiúnta chomh fite fuaite le stair agus oidhreacht na Boirne agus atá Cathair Chonaill, agus cuireann sé seo le huathúlacht na ceolcoirme seo.”
Tá €25 ar ticéad “Cuaird na hOíche” agus tá teacht orthu ag Cathair Chonaill ar 065-7089999. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an fhéile “Burren rocks”, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Gheopháirc na Boirne agus Aillte an Mhothair ar www.burren.ie