“Enhancing reputations – Increasing exposure”
Wednesday May 22nd 2013

Categories

Archives

Conarthaí Sínithe d’Ionad Cóireála Fuíolluisce Chill Mocheallóg

Share

Shínigh Comhairle Contae Luimnigh agus Coffey Water Ltd. conarthaí i inniu (Dé hAoine, 27 Iúil 2012) maidir le hionad nua cóireála fuíolluisce a thógáil i gCill Mocheallóg.

Tógfar an ionad nua in áit na saoráide cóireála fuíolluisce a tógadh sna 1940dí. Tosófar gan mhoill ar obair an chonartha, ar fiú €2.44m é, agus táthar ag súil leis go mbeidh an ionad nua críochnaithe faoi mhí Lúnasa 2013.

Áirítear sa chonradh €2.44m, dearadh agus tógáil stáisiúin nua caidéalúcháin, ionad cóireála fuíolluisce agus príomhphíobán aníos.  Tógfar séarach truncáilte freisin ag cur aitreo ar shreabhadh chuig an stáisiún nua caideálúcháin.

“Bainfidh timpeall 4,000 custaiméar leas as soláthar na saoráidí cóireála fuíolluisce seo a bheidh ar ardchaighdeán, ar ionann é agus dúbailt acmhainne an ionaid atá ann”, a mhínigh Paul Crowe, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Luimnigh.

Chuir sé leis sin: “Níl go leor acmhainne san ionad cóireála fuíolluisce atá ann le ceadú don bhaile forbairt agus méadú sa todhchaí.  Ina theannta sin, ní féidir leis an ionad atá ann leibhéal cóireála ard go leor a sholáthar le teacht le rialacháin a tugadh isteach le déanaí. Soláthróidh an ionad nua an acmhainn bhreise atá ag teastáil d’fhorbairt an bhaile, agus déanfar deimhin de freisin go ndéantar caighdeán uisce An Lúbach a chosaint.”

Is é an conraitheoir don tionscnamh ná Coffey Water Ltd., Baile Átha an Rí, Co. na Gaillmhe. Is é an tInnealtóir Comhairleach don tionscadal ná WYG Consulting Engineers, Bóthar Curaheen, Baile an Easpaigh, Corcaigh Tá an tionscadal maoinithe ag Comhairle Contae Luimnigh agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil trí Chlár Infheistíochta na Seirbhísí Uisce.

-DEIREADH-

DÉAN TEAGMHÁIL LE:

Mark Dunphy

Dunphy Public Relations

www.dunphypr.com

00353-868534900 (soghluaiste)