“Enhancing reputations – Increasing exposure”
Thursday May 23rd 2013

Categories

Archives

Moladh do Mhic Léinn Phailís Chaonraí a Bhain Duais Amach

Share

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Luimnigh comhghairdeas an tseachtain seo le Meánscoil Sailéiseach Phailís Chonraí a bhí ar cheann de phríomhbhuaiteoirí an Chomórtais Eorpach Gnóthachtála Sóisearach – Fiontraíochta Óg (JA-YE).

D’éirigh le cúigear mac léinn ó Choláiste Luimnigh agus a ngléas uathúil, Sign4Life, a bua a fháil ar iomaíocht ghéar ó fhoirne ó 32 tír agus Cuideachta Eorpach na Bliana do Ghnóthachtáil Sóisearach 2012, ar chomórtas ar fud na hEorpa é a chuireann Gnóthachtáil Sóisearach na hÉireann agus eagraíocht tosaíochta na hEorpa ar siúl ag tabhairt oideachais fhiontraíochta isteach i scoileanna. D’fhill an fhoireann ar cheiliúradh an tseachtain seo caite i ndiaidh an Duais a bhieth bronnta orthu i mBúcairist na Rómáine.

Ag tagairt dó don bhua, dúirt an Comhairleoir Jerome Scanlan: “Ba mhaith liom moladh a thabhairt do bhainistíocht agus d’fhoireann Mheánscoil Sailéiseach as spiorad fiontraíochta a chothú i measc a mac léinn. Beidh gá ag Éire le fiontraithe agus le smaointeoireacht nuálach má tá rath le teacht uirthi sna blianta atá le teacht. Léiríonn an bua seo méid an chumais atá ag ár ndaoine óga agus ba chóir go dtacófaí leis seo agus go ndéanfaí é a chothú nuair is féidir é”.

Múineann an gléas a bhuaigh, Sign4Life, teanga chomharthaíochta trí fheidhm fhón cliste agus ceapadh é leis an mbearna idir an bpobal bodhar agus éisteachta a líonadh. Úsáideann sé teicneolaíocht físe trí fhón cliste le teacht ar úsáideoirí teanga chomharthaíochta na hÉireann i gcatagóirí laethúla mar bhia, uimhreacha, spórt, féilire, dathanna agus teaghlach. Is féidir an teimpléad a chur in oiriúint d’aon teanga idirnáisiúnta.

-DEIREADH-

Dunphy Public Relations (DPR)

Connolly, Inis, Contae an Chláir, Éire

(TEL) 00353-868534900

(WEB) www.dunphypr.com