Luimneach, ÉIRE – Inniu ba í Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chontae Luimnigh ar an gcéad údarás in Éirinn ar ar bronnadh an teastas OHSAS 18001:2007, an t-aon caighdeán so-iniúchta idirnáisiúnta do shláinte agus sábháilteacht.
Rinne Jan O’Sullivan TD, Aire Stáit, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, an bronnadh ag searmanas i Stáisiún Dóiteáin Faing mar ar tugadh dhá thancaer nua uisce ar láimh do fhlít na Seirbhíse Dóiteáin áitiúil go hoifigiúil.
D’Fhoilsigh an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann caighdeán “Riachtanais – córais bhainistíochta sláinte agus sábháilteachta gairme OHSAS 18001” ar dtús i 2007 agus tá sé i seilbh timpeall 16,000 eagraíocht deimhnithe faoi láthair i níos mó ná 80 tír. 0>he standard sets out a preventative and proactive approach to identifying workplace hazards and assessing and controlling risk.}0{>Leagann an caighdeán amach cur chuige coisctheach agus réamhghníomhach maidir le guaiseacha sa láthair oibre a aithint agus measúnú agus rialú a dhéanamh ar bhaol.0}
De réir an Chomhairleora Jerome Scanlan, Cathaoirleach Chomhairle Contae Luimnigh: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le lucht múchta dóiteán agus le foireann tacaíochta Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chontae Luimnigh as ucht a bpleanáil, a n-eagrúchán agus a n-obair chrua le dea-sheirbhís dóiteáin agus tarrthála a sholáthar do na daoine atá ina gcónaí, ag obair agus ag tabhairt cuairt ar Chontae Luimnigh. Ba chóir a rá freisin go soláthraítear an tseirbhís luachmhar seo 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.”
In éineacht le deimhniú OHSAS 18001:2007 a fháil, tá Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chontae Luimnigh deimhnithe freisin de réir ISO9001:2008, ar chaighdeán feabhais a leith é i soláthar seirbhíse a coimeádadh ó 2000.
Mhínigh Carmel Kirby, Príomh-Oifigeach Dóiteáin, Seirbhísí Dóiteáin agus Tarrthála Chontae Luimnigh: “Ón gcéad chreidiúnú de réir ár gcéad chaighdeán idirnáisiúnta i 2000, tá ár seirbhís tar éis fás agus teacht in aibíocht maidir le conas a dhéanaimid ár n-gnó. D’éirigh linn ár n-acmhainní a choimeád suas chun dáta d’fhonn freastal ar an méadú ar riachtanais agus ionchas ár bpobal. Ina theannta sin, táimid ag obair lena chinntiú go soláthraítear na háiseanna cearta agus timpeallacht cheart oibre d’fhoireann na Seirbhíse Dóiteáin.”
“Mar Phríomh-Oifigeach Dóiteáin, táim ag tnúth le leanúint leis an seirbhís atá againn de réir an chaighdeáin is airde. Tá dúshláin nua ann go rialta don tSeirbhís Dóiteáin agus leanfaimid a dúirt Kirby.
I ndiaidh bhronnadh teastais an lae inniu nochtadh dhá iompróir nua uisce a raibh costas $370,000 orthu, a bhí maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Úsáidfear na feithiclí go príomha le Soláthar Uisce múchta Dóiteáin a sholáthar ach is féidir leo Uisce Óil a sholáthar freisin le linn easpa uisce a bheith ann.
Ba iad High Precision Motor Products Ltd., Ceatharlach, a thóg na hiompróirí, agus tá acmhainn iompair 8,500 litear uisce ag an dá cheann, le príomhchorp na n-iompróirí tógtha as plaisteach in-athnuaite, spás suntasach stórála trealaimh, comhartha inghiorraithe leictreonach do bhainistiú tráchta bóthair agus dhá chrann lasta láithreáin,
Méadaíonn na feithiclí breise seo a cuireadh leis an bhflít líon na dtancaer uisce sa Chontae go dtí 5. Feidhmíonn Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chontae Luimnigh flít de 19 fearas dóiteáin, ar a n-áirítear caidéil dóiteáin, iompróirí uisce, freastalán éigeandála agus ardán do dhréimre aeróige.
-DEIREADH-
Nóta don Eagarthóir:
- Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mark Dunphy nó Dunphy PR ar 086-8534900 nó media@dunphypr.com
- Tá grianghrafanna ardtaifigh (gan táille atáirgthe) a tógadh ag searmanas an lae inniu ar fáil ó Dave Gaynor ag 087-9443377.