EISIÚINT DO NA MEÁIN
Le hEisiúint Láithreach
Imeacht S.A.M. Le Ceiliúradh a dhéanamh ar “The Crooms”
Is aitheantas oifigiúil é an imeacht a bheidh ar siúl sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn ar na naisc idir na céadta teaghlach i gCarolina Thuaidh agus Cromadh i gContae Luimnigh.
Thug Cumann Teaghlach Chromadh cuireadh don Chomhairleoir Patrick C. Fitzgerald as Contae Luimnigh, freastal ar an 90ú “Teacht le Chéile na Crooms” ag Chapel Hill, suite in aice le príomhchathair Stáit Carolina Thuaidh Raleigh.
Tháinig an t-ainm teaghlaigh Croom chun cinn i rith lár an 18ú haois nuair a rinne imircigh ó Chontae Luimnigh a bhí curtha fúthu in oirthear Charolina Thuaidh cinneadh a sloinne a athrú go dtí Croom. Bhí tionchar ag an aighneas idir Éire agus bunaíocht na Breataine sa bhaile ar an athrú seo ar an ainm.
Ina dhiaidh sin bhí na Crooms ina mbaill móra-le-rá de shochaí Charolina Thuaidh agus Virginia, iad ag pósadh na dteaghlach mór-le-rá mar theaghlach an Ghinearáil Robert E. Lee. Léiríonn figiúirí Daonáirimh S.A.M. an lae inniu go bhfuil na mílte Crooms i ndeisceart agus in oirthear na Stát Aontaithe agus féachtar orthu mar ghrúpa láidir vótála le linn na dtoghchán Uachtaránachta.
Le linn dó cuairt a thabhairt an tseachtain seo chugainn déanfaidh an Comhairleoir Fitzgerald iarracht ar chláir do mhalartú oifigiúil cultúrtha agus oideachais a fhorbairt idir S.A.M. agus Éire ag leanúint ar chúirt den chineál céanna ó Marcus Croom, ball atá chun tosaigh i gCumann Teaghlaigh Croom, ar Luimneach sa Bhealtaine. Áirítear ina chlár oibre cuairt ar Chuimhneachán na Crooms ag Chapel Hill, a cuireadh suas le comóradh a dhéanamh ar an nasc idir ainm an teaghlaigh agus Cromadh, Contae Luimnigh.
De réir an Chomhairleora Fitzgerald: “Creidtear gur roghnaigh imircigh ó Chontae Luimnigh an sloinne Croom ar theacht dóibh chuig Carolina Thuaidh 250 bliain ó shin mar fhreagra ar an gcoimhlint leanúnach sa bhaile in aghaidh fhorghabhála bhunaíochta na Breataine in Éirinn. Inniu tá ainm an teaghlaigh Croom agus iliomad baile den ainm Croom i mórán Stát ar fud Mheiriceá.”
Lean sé air: “Is scéal an-spéisiúil é seo agus acmhainn ann leasa suntasacha cultúrtha, gnó agus turasóireachta a thabhairt chuig Contae Luimnigh, go háirithe agus an contae ag ullmhú don Teacht le Chéile i 2013. Is onóir agam é gur tugadh cuireadh dom ionadaíocht a thabhairt do Chomhairle Contae Luimnigh, do mo bhaile dúchais Cromadh, agus do mhuintir Chontae Luimnigh ag Teacht le Chéile bliantúil na Crooms an tseachatin seo chugainn.
Idir an dá linn, labhair an Comhairleoir Fitzgerald ar ról an “Croom vote” i bpolaitíocht S.A.M. Mhínigh sé: “Ag am Toghcháin Uachtaránachta tá páirt tábhachtach ag an “Croom vote” i bpolaitíocht Mheiriceá agus toghadh mórán Uachtarán leis an “Croom vote”. Le toghchán Uachtaránachta Mheiriceá ar siúl níos déanaí i mbliana, beidh súil ag an Uachtarán Obama agus ag an iarrthóir Uachtaránachta Mitt Romney ar an “Croom vote” ina straitéisí toghchánaíochta.
I ndiaidh dó turas a thabhairt ar Carolina Thuaidh, buailfidh an Comhairleoir Neamhspleách Croom-bhunaithe, atá ag díol go pearsanta as a thuras ar S.A.M., le baill de phobail Luimnigh i Chicago agus Washington.
“Tá pobal láidir imirceach as Luimneach i S.A.M., a bhfuil mórán acu tar éis mórghnólachtaí a bhunú agus páirt an-mhór acu i saol tráchtála agus polaitíochta Mheiriceá. Tugadh cuireadh dom cuairt a thabhairt ar phobail Luimnigh i Chicago agus Washington agus déanfaidh mé iarracht ar naisc a chothú agus an oiread daoine agus is féidir é a spreagadh le cuairt a thabhairt ar Éirinn i 2013, mar chuid de thionscnamh an Teacht le Chéile.”
-DEIREADH-
DÉAN TEAGMHÁIL LE:
An Comhairleoir Pat Fitzgerald
00353-868872463